Beathfháisnéis gairid
Leagan Gairid:
Rugadh Seán Ó Riada sa bhliain 1932. Is i gCorcaigh a saolaíodh é ach chaith sé a óige in Ath Dara Luimnighe. Sairsint Gárdaí ab ea a athair agus banaltra a mháthair. Bhí driofúr amháin aige Louise agus cé go raibh sé leicthe ag fás aníos bhí saoghal maith ceolmhar aige. B’é an t-Uasal Metcalf a chéad mhuinteoir ceoil. Is minic a bhíodh an ceoltóir traidisiúnta Patrick Kelly ag seinnt sa tigh i dteannta a athar chomh maith. Is gairid go raibh sé ag seinnt le ceolfhoireann Luimnighe. Bhíodh turas blaintiúil go Feis Mhaitiú mar a mbailíodh sé a chion féin de dhuaiseanna.
Tar éis céim a bhaint amach in Ollscoil Chorcaighe faoi údarás an Ollamh Fleischmann, do phós sé Ruth Coughlan. Bhí seachtar muirir orthu. Chuireadar futha ‘sna céad blianta i mBaile Atha Cliath áit a raibh sé mar leas stiurthóir ceoil ar Raidéó Éireann ar dtúis agus ansan mar stiúrthóir ceoil ar Amharclann na Mainistreach. Do bhunaigh sé Ceoltóírí Chualann chun ceol traidisiúnta na tíre seo do chuir ar stáitse ionas go bhfaigheadh an ceol an t’aitheantas a shíl sé a bheith tuillte aige. Do lean an ghluaiseacht seo ar aghaidh ionas go bhfuil ceol na tíre seo aitheanta anois ar fuaid an domhain. Ar chuireadh ó Ghael Linn do chuir sé ceol le scannán faoin’ dteideal “Mise Eire” agus tar éis a fheabhas agus a oibrigh sé seo, do chúm sé an ceol do leath dosaen éigin scannán eile. Tar éis dó glacadh le post mar léachtóir cúnta ceoil I ‘nOllscoil Chorcaighe, do bhog sé chun cónaithe go Cuil Aodha tar éis seal do chaitheamh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is ann a chum sé na h-Aifreanntaí agus ghlac sé páirt iomlán i saoghal an phobail áitiúil. I dteannta lena chuid cumadóireachta ceoil idir clasaiceach agus gaelach, do chuir sé suim i scannánaíocht, litríocht, foghlaéireacht agus bhfarraige. Shaotharaigh sé ar son cúis na Gaeilge agus na Gaeltachta. Fuair sé bás in aois a dachad blian i 1971 agus tá sé curtha i Reilig Ghobnatan mar a bhfuil a Mhuintir.
- No portfolio yet.